Abbey CBS Newry Grammar School

The Abbey Grammar School
77a, Ashgrove Road
Newry
Co Down, BT34 1QN
N Ireland
+44 (0) 28 3026 3142

Tionscadal na Saimbia

Date Posted: 6th April 2011

Tá nasc idir mo scoil, Scoil na Mainistreach, agus scoil in Livingstone i ndeisceart na Saimbia agus achan dara bliain, roghnaítear scaifte ón scoil le dul amach chucu. Bhí cuigear déag againn ann idir bhuachaillí agus mhúinteoirí. Bhí an turas chun na Saimbia fada tuirsiúl. Ghlac sé níos mó ná ocht n-uaire is fiche agus bhí muid uilig scriosta nuair a bhain muid ár gceann scríbe amach. D’eitil muid ó Bhaile Átha Cliath go Londain agus ansin ó Londain go Lusaka agus ansin fuair muid mionbhus ó Lusaka go Livingstone. Lig muid ár scíth ar feadh lá amháin agus thosaigh muid ag obair an lá dár gcionn.

Ar maidin bhí muid ag obair sa scoil, bhí muid ag teagasc agus ag cuidiú leis na paistí, bhí achan duine ar bís le foghlaim agus chuir sé eiteoga ar mo chroí le bheith ag múineadh páistí mar seo. Sa tráthnóna thug muid cuairt ar áiteanna éagsúla mar shampla lá amháin chuaigh muid chuig an oispís, áit a raibh neart daoine ag saothrú an bháis ón SEIF, lá eile chuaigh roinnt gasúraí chuig an phríosún agus bhí said ag teagasc na gcimí.

Sna laethanta eile bhí muid amuigh le bunadh na háite, ag cuidiú leo nó ag sugradh leis na paístí. Bhain mé an-sult as, bhí sé iontach suimiúil agus eispearas difriúil a bhí ann. Chonaic mé ganntanas in achan áit, gan dabht ar bith, tá na daoine seo ar an ghanncuid. Bhí muid ag obair le iobairtí SEIF agus bhí muid ag múineadh na bpáistí ach bhainfeadh sé deoir as na clocha mar tá daoine ag saothrú an bháis an t-ám ar fád agus tá achan duine beo bocht. I mo bharúil níl an saol cothrom, tá barraoícht saibhris anseo sa domhain forbartha agus níl na daoine seo ag fáil cothrom na féinne.

Thug muid cuairt ar chairéal lá amháin, áit ina raibh daoine idir 5-50 bliain d’aois ag obair 12 uair sa lá ag briseadh cloch lena lámha chun aon dollar in aghaidh an lae a fháil. Tá sé chomh míchothrom go bhfuil a leithéid d’éigeart ann sa domhan. Ina dhiaidh sin is uile, chonaic mé torthaí an airgid a bhailítear in Éirinn ar an láthair.

Mar aon leis an bhochtannas agus an fhulaingt, chonaic muid rudaí iontacha. Thug muid cuairt ar Easa Victoria, áit a bhí dochreidte. Ní féidir liom an gliondar a cuireadh ar mo chroí as an radharc sin a fheiceáil a chur i bhfocail.

Má bhíonn an seans agat cuairt a thabhairt ar an tír sin, glac an seans agus ná bhíodh aiféala ort. Is tír fíor-álainn, fíor-iontach í an tSaimbia agus tá súil agam go bhfillfidh mé ar ais lá éigin.

The Immersion Team 2011 – Patrick Burns, Conor Devlin, Stephen Grant, Martin Hearty, Cormac Linden, Sean McCaffery, Ciaran McCartan, Shane McCartan, Neil McDonald, Séamas Mc Geough, Paul McNulty, Mr Mark Grogan, Mr Kevin Brady, Mrs Teresa Fearon and Mrs Mags McGivern.

For further information please go to www.abbeycbs.co.uk/zambia

Séamas Mac Eochaidh

Click to access the login or register cheese